TY News

Blag Na Bliana

As part of the initiative by the Education and Training Board of Ireland to promote Gaeilge within all ETB schools across the country, all year groups in Coláiste Mhuire will be participating in various competitions throughout the year as part of ‘Bliain na Gaeilge’. Our transition year Gaeilge class will be competing in ‘Blag na Bliana’, where they will document some of the many activities taking place within the school and courses they will be undertaking as part of their Transition Year programme. Below is their first blog, documenting ‘Numeracy Week’ within the school, and some of the courses they are currently participating in such as GAA Future Leaders and Gaisce. We hope you enjoy!

Fáilte chuig Blag na Bliana Coláiste Mhuire! Gach cúpla seachtain beidh muidne, an rang Idirbhliana, ag scríobh cuntas ar na heachtraí atá ag tarlú sa scoil agus na cúrsaí atá ar siúl againn. Beidh scoileanna timpeall na tíre ag glacadh páirte sa chomórtas seo mar pháirt do ‘Bliain na Gaeilge’ atá á reachtú ag Bord Oideachas agus Oiliúna Éireann. An aidhm atá ag an gcomórtas seo ná ár dteanga dhúchasach, an Ghaeilge, a chur chun cinn sa scoil agus I measc an phobail. I rith na bliana beidh comórtaisí éagsúla ar siúl ag daltaí sa scoil ar nós ‘Comórtas Cumadóireachta’, ‘Tráchtaire Spórt na Bliana’ agus ‘Rógairí an Ráp’.

Cé nach bhfuilimid in ann dul ar thurasanna nó eachtraí seach-churaclaim a dhéanamh, táimid fós an-ghnóthach an bhliain seo! Ina measc rudaí eile, táimid ag glacadh páirt I nGaisce, clár féinfhorbartha do dhaoine óga, agus beimid ag dul amach ag déanamh obair dheonach I gceann cúpla seachtain. Sa rang Béarla, táimid ag scríobh chuig an teach banaltrais áitiúil I mBruigh Thuinne gach seachtain, ag seol litreacha agus bronntanaisí beaga chuig na seandaoine. Táimíd ag baint an-taitneamh as seo agus ag tnúth le freagraí! Ina theannta sin, tá roinnt daltaí Idirbhliana ag déanamh an clár ‘Future Leaders’, cúrsa atá á reachtáil ag an Cumann Luthchleas Gael ina dhéanann na daltaí stáidéar ar mhodúl éagsúla. Faoi láthair, tá siad ag eagrú comórtas Rounders do lucht an chéad bhliain, agus amach anseo beidh siad ag diriú ar cothú, traenáil agus folláine.

Roimh an bhriseadh méan téarma ghlac daltaí na scoile páirt i ‘Seachtain Uimhireacht’ idir an 10ú agus an 18ú Deireadh Fómhair. I rith na seachtaine bhí roinnt gníomhaíochtaí ar siúl sna hábhair éagsúla ar nós ceistneoirí ar Kahoot, crosfhocail agus comórtaisí. Bhain gach duine an-sult as na gníomhaíochtaí, míle buíochas don roinn Matamaitice sa scoil! An tSeachtain seo chugainn, beidh ‘Seachtain na hEolaíochta’ ar siúl sa scoil, agus táimid ag tnúth go mór leis!

Sin é an scéal uainn go dtí seo, beimid ar ais I gceann cúpla seachtain le níos mó nuacht.

Tony Guerin