TY News

Blag Na Bliana 4

Hi all,

The Transition Year Gaeilge class are back again with the 4th instalment of Blag na Bliana. Although we may be working from home, we are still very busy with online courses, challenges to complete in the English class, while trying to get out and active for the Coláiste Mhuire Fitness Challenge!

Comórtas Aclaíochta Coláiste Mhuire
Tá gach bliain sa scoil ag glacadh páirte I gcomórtas aclaíochta ar an aip Strava. Bhunaigh na múinteoirí Corpoideachais an comórtas chun gach éinne a coiméad aclaí agus muid ag múineadh ar líne. Téann na daltaí ag siúl agus ag rith gach lá agus cuireann siad na torthaí ar an aip. Gach Domhnach ansin cuirtear na torthaí suas ar aip na scoile agus an leathanach Facebook. Bhuaigh na múinteoirí an chéad seachtain le 590 ciliméadar, ach tá an t-idirbhliain chun é a bhuachaint an tseachtain seo! Is féidir clárú a dhéanamh ar an nasc seo:

Múineadh ar líne
Thosaigh múineadh ar líne cóicís ó shin. Tá gach dalta agus múinteoir ag obair sa bhaile. Tá an t-ádh orainn go bhfuil iPad ag gach dalta chun é a dhéanamh níos éasca. Bíonn ranganna beo againn ag cloí leis an amchlár gach lá.

Cursaí ar líne
De bharr COVID-19, tá taithí oibre do lucht na hIdirbhliana ar ceal, agus táimid ag déanamh cursaí ar líne ina áit. Táimid ag déanamh comórtas onesky, cursaí garcabhair, agus oiliúint ar láimhsiú sábháilte. Freisin, tá na daltaí ag déanamh cúrsa ar rialacha na bóithre.

Comórtas sa rang Béarla
Tá na dáltaí i rang Ms. Brasil ag déanamh 30 dúshlán sa bhaile chun a choiméad gnóthach. Tá siad ag iarraidh tascanna agus gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh mar shampla ‘ráth a thógáil, leabhar a léamh agus achoimre a scríobh faoi, liosta a dhéanamh don deich scánáinn is fearr, agus rud a dhéanamh as páipéar leithris.

Comórtas Irish Angus Beef
De bharr COVID-19, tá na hagallaimh ar ceal le haghaidh an chéad babhta eile. Ach, táimid fós ag obair go dian chun an mbó a bhuachaint.


Tony Guerin