TY News

Blag Na Bliana 3

Doirse na Nollag
Le cúpla seachtain anuas bhí daltaí na scoile ag maisiú doirse na scoile. Tá cúpla dos na doirse is fearr le feiceáil thíos. Comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir! 

Lá Geansaí Nollag
Dé Déardaoin seo chaite, an 10ú Nollag, bhí Lá Geansaí Nollag ar siúl sa scoil. Chaith daltaí agus múinteoirí na scoile geansaí Nollag agus bhí atmaisféar iontach timpeall na scoile! Bailíodh a lán airgid ar son Naomh Uinsionn de Pól mar thoradh ar fhlaithiúlacht na daltaí.

Comórtas ‘Irish Angus Beef’
Comhghairdeas leis na buachaillí agus Máistir Ó Ciurtáin atá cáilithe don chéad babhta eile don chomórtas ‘Irish Angus Beef’. Beidh ar na buachaillí agallamh a dhéanamh tar éis na Nollag, go n-éirí an t-ádh leo!

Cúrsaí agus Ceardlainne
Ghlac daltaí na hIdirbhliana páirt i gcúrsaí agus ceardlainne le cúpla seachtain anuas. Bhain siad an taitneamh as an cúrsa garchabhrach agus an ceardlann neartú foirne, agus tá siad ag tnúth le cinn eile tar éis na Nollag.

Tony Guerin